Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Na Stácaí”
  4. XML “Na Trí Pharóistí atá Timpeall Cuan Dor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Fuaireas an Seancas ar leanas ó bhéal aithris Sheáin Mhic Chártaig Acadh Tobar, An Léim.
    Tá paróiste Midh Rois ar an dtaobh thiar, paróiste Cill Fachtna Beag ar an dtaobh thoir agus paróiste Cill Mhic Abaidh ar an dtaobh tuaidh. Bhí triúr ban uair agus bhíodar ag trácht ar na paróistí lá ar amach na Léime, gach bean díobh ag moladh a paróiste feín.
    Do labhair an bhean thuaidh agus dubhairt sí
    "Cill Mhic Abaidh na gCros
    A chothuigheann an fiadh 'san bhroc"
    Do labhair bean ón bparóiste shoir agus dubhairt sí
    "Cuan Dor (?) na Sprot
    Mar a dheineann an Daighne cor
    'S a marbuightear an scadán an colamóir 's an triosg"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.