Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oíche Shamhna
Bhí a lán sean nósanna le baint le Oíche Samhna. “Oíche na marbh” a thugadh na sean daoine air, agus creideadh siad go mbíodh na mairbh in áirde ar na fraghthachaibh an oíche sin agus deiridís an Coróinn Páirteach ar son na marbh.
Da dteastóchadh ó chailín ainm an bhuachalla bheadh mar fhear aicí d’fhagáil amach gheobhadh sí turnap agus bhainfeadh sí an croiceann de ach béigean dí do bhaint slán agus gan é briseadh in aon chor.
Annsan raghadh sí go dtí doras an tighe agus seasóchadh sí ann agus caitfeadh sí an croiceann siar ós cionn a cinn. Nuair a thuitfeadh an croiceann bheadh sé briste na píosaí beaga agus do beadh crot litre nó dó de’n aibgitir ar na píosaí agus do mbheadh b’in é an comhartha gurb iad san na céad litreacha bheadh ar ainm agus sloinne an duine bheadh mar fear aici.
Seo cleas eile. Fagtar trí báisíní, cuirtear cré i gceann acu, fáinne i gceann eile, agus uisce ins an gceann eile. Cuirtear púicín ar cailín agus téigheann sí go dtí na báisíní, má cuireann sí a lámh ar an mbáisín go bhfuil an fainne ann pósfar í, má chuireann sí a lámh san uisce raghaidh sí thar fairrige agus má chuireann sí a lámh sa cré geobhaidh sí bás.- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muirthuille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Pháidín, Co. Chorcaí