Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Leathanach 186
- XML “God Keep Jim So”
- XML “An Sprid ar Dhoichidín na bhFraochán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"God relieve you" a mheas sé a rádh, ach dá bhfeadfadh "Ivy" a bhí ós a chionn in áirde a shroiseint bhí sé lámhachtha ar an spota aige. Bhí "God keep you so" mar focal magaidh ag muinntir a' Droma ar feadh i bhfaid na dhiaidh sin.
- Bhí buachaill an uair agus bhíodh sé ag dul ag imirt cártaí gach aon oidhche agus dubhairt a mhuinntir leis go ngeobhadh rud éigin air sar a stadfadh sé na cártaí. Bhí dhá ghadhar madra acu agus do théigheadh an dhá ceann len a chois gach aon oidche. Ceann de na h-oichdheannta bhí sé ag teacht agus bhí sé déanach go maith san oidche, ag rith suas lena dó dheag a chlog agus mar sin an comhgar a thug sé ar féin abhaile. Mar sin béigin dó a aghaidh do thabhairt ar droichidín na bhfraochán atá trí míle soir ó thuaidh ó Ros ó Cairbre, sa mball go mbíodh an Sprid gach aon oidche. 'S amhlaidh do sheachnuigheadh sé an cúrsa seo d'aon gnó gach oidche eile. Pé scéal é ní túisce ar an ndroichead é ná gur léim a' sprid chuige. "Hulla hull" "hulla hull" adubhairt sé leis an dá gadhar a bhí aige. An cheád scúit a thug a' Sprid dimthig a' dá gadhar ar buile leo féin, agus ar go bráth leo chun a thighe abhaile agus d'imthigheadar ar buile isteach fé'n gclár nuair a thánadar isteach. Bhí muinntir a' tige suas ag seitheamh leis a' gcearrbhach fós agus nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)