Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na chomhnuí sa léim, thíos ag an gcé, thíos in aice muileann na léime, agus bhí sé ag obair taoibh a phágh do ceann éigin de na Swantonaig bhí sa bhrághaid ach pé obair bhí ar siubhal d'fhan sé ann ana dhéanach an on oidche seo; is dóigh liom gurbh amhlaidh bhí an oidche ró-fhliuch agus d'fhan sé déanach thall féachaint a' dtiormóchadh sé; agus é ag teacht abhaile, nuair a tháinig sé chun a' ball go nglaodhann siad an droicidín air, bhí an bóthar lán de daoine roimis, agus píobaire ag seinnt dóibh. Dubhart ceann acu leis go gcaitheadh sé rinnce agus do sheasamh sé amach agus do rinnc sé an Ceannuí Súgach dóibh. Nuair a bhí an rinnce críochnuithe aige do chuir sé a lámh na phóca agus do thug sé dá phinginn do'n phíobaire, agus bhí sé ag imteacht abhaile, agus dubhairt ceann acu leis "siad" adhubairt sé sé "bí san am ceadhna imbáireach ag droicead maol na léime". Níl fhios agam-sa ná ag aoinne eile anois cá bhfuil droichead maol na léime, murar bé an droichead sin lastuaidh de'n pholl mhór. Níor chuala a thuille mar gheall ar an bhfear so, ach is dócha gur tháinig sé airís imbáireach. Sé sin an bóthar is uaignighe ar domhan .i. ó'n mBrághaid soir go cros-bhóthar a' Cé, nach bfuil scéalta mar gheall ar socraidí ar an mbóthar san gach aon oidhche fós.
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Partolán Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann