Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Séamus Ó Cathaláin - File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'S rádh gach aoinne gur thug sé an "sway" leis
    Ó Chonndae an Chláir"
    B'shin an deire a bhi le gach bhéarsa
    " Is fearr preabán na poll"
    Bhí buachaill ann, agus bhí sé ag cur píosa ar a bhríste agus bhi an sean-fhile sa chúinne ag faire air le linn do bheith á chur suas. Nuair a bhí an píosa curtha air aige dubhairt an sean duine leis. "A a pháirte" adubhairt sé:-
    Is fearr preabán ná poll
    Is fearr lom ná léan
    Is fearr baidhreán ná bainne reamhar
    'Ná dul un tigh a' domhain dá mhéid.
    lom= fear na beathaidh; léan = fear marbh; baidhreán i. deoch ana lag a deintear a' plúr is dóigh leo, é fein agus an bainne reamhar an dá deoch is laige atá le fagháil.
    Maidir leis an "mbuachaill bán" a cúm an Cathalánach níor innseas duit iné an fáth bhi leis. B'as Conndae an Chláir muinntir a' Major agus bhí talamh acu chómh maith in aice na Conanaighe. Bhí gabháltas beag tailimh ag an gCathalánach uatha annsan. Gach aon bhlian thagadh muinntir a' Major agus bhídis ag fobhailéaracht sa choill. Bhí an Cathalánach,beo, bocht tráth agus do cheap sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann