Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san i gcómhnuí agus is gearr gur tháinig i ngiorracht fear do. Well do thuit an fear sin amach, nuair a tháinig sé i n giorra do agus do scaoil sé indiaidh mac an fheirméara annsa é. Nuair a chonnaic mac an fheirméara 'na dhiaidh é sé dubhairt sé, "Sinn-ne go léir chuige"
adubhairt sé "O" adubhairt a' fear siubhal "Dia agus mise chuige" ar sé. D'fhág mac an fheirméara an sraith ar fad, agus amach leis, agus dubhart a' fear siubhal nuair a chonnaic sé ag imteacht é. "Ca' na thaobh adubhairt sé "Nach bhfuilir ag gearradh leat"! "Ó", "ní fheadfainn" adubhairt sé "ní fheadfainn seasamh romhat". "Nach maith, adubhairt sé, "do seasuighis roimis na fir bochta chun iad a mhairbhighthe, mar gheall ar cúpla scilling págh bhí agat á thabhairt dóibh". Thug sé an speal do'n fhear thug do ar dtúis é, agus ní raibh aon fear sa pháirc, ach mach an feirméara, nár thug fáilte i ngachaon chuma do. M'anam nár chuir mac an fheirméara phuinn alluis ortha as san go dtí an oidhche. Do leag a' fear siubhal a c'rráiste, agus ní raibh a [?] ceadha air ó'n lá san amach.
Seán Ó Mathúna, beannacht Dé leis, d'innis san dom tá 40 blian ó shoin ann.- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Partolán Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí