Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Leathanach 259
- XML “Victor O'Donovan Power agus an Cholainn gan Cheann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Victor O'Donovan Power oíche ag dul ó'n gCononaig ar na Cluainte agus nuair a bhí sé ag déanamh ar an Scairt Liath d'airig sé an siubhal 'na dhiaidh. D'o ghéaruig Victor a choisidheacht ach do dhein an duine a bhi na dhiaidh an cleas ceadna ach ní raibh sé ag teacht suas le Victor. Annsan d'o bhain Victor ó'n bhfuadar a bhí fé agus do bhí ag cur de go breágh, réidh, righin mall agus má dhein do dhein an duine a bhí na dhiaidh an rud céadhna airís. Nuair do bhfada le Victor go raibh an duine eile ag teacht suas leis, do stad sé ar fad is d'o fhan sé leis. Má stad Victor do stad an duine eile tamall suas uaidh cómh maith "Ní baoghal go luighfead-sa ar mo leabaidh anocht" arsa Victor 'na aigne féin "go mbeidh fios agam ce tá im' leanuint nó cad tá ann"
Leis sin d'iompuig Victor thar nais agus thug aghaidh ar an rud a bhí ag siubhal 'na dhiaidh agus imbasa ba bheag nár thuit an t-anam as Victor nuair a chonnaic sé an colann ag déanamh air agus gan aon cheann air.- Faisnéiseoir
- Domhnall de Brún
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Léim, Co. Chorcaí