Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 335
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
(gan teideal)
“Áit uaigneach iseadh an tsean muileann sin thoir ar thaobh an bhóthair i nGort na hEórnan.”
Áit uaigneach iseadh an tsean-mhuileann sin thoir ar thaobh an bhóthair inGort na h-Éornan. Ar uair mharbh na h-oidhche cloistí na gadhair ag seilg 'na thimcheall fadó.
An uair go raibh an mhuileann fé lán tseol agus cruithneacht 'á mheilt gach lá ann do bhí fear de'n ainm Donnchadh Ó Ríardáin i bhfeighil na h-áite.
Fear pósta a b'eadh é agus bhí beirt nó triúir clainne aige. Chuala sé fá uaigneas na h-áite agus thug sé coileach Márta leis agus cuireadh sé ós cionn an dorais é in a sheomra codlata féin gach oidhche.
Níorbh fhada san mhuileann dó gur baineadh geit as. Oidhche, agus iad 'na suidhe timcheall na teine níorbh fhios dóibh dada go bhfaca siad an firín 'na shuidhe ó's a gcomhair amach ar a shógh agus píopa 'á chaitheamh aige. Níor leabhair siad leis ná níor labhair sé leo. Chaith sé sgaitheamh fada ann. Firín ana bheag a bhí ann; é gléasta in éadaigh glasa agus caipín cluasach ar a cheann. Ingan fhios d'éinne d'imthig sé airís.
Gach oidhche do thagadh sé agus shuidheadh sé 'san áit chéadna. Ní fheiceadh éinne é ag teacht agus d'imithigheadh sé i ngan fhios dóibh airís cé go mbídís ag faire go geár air.
Oidhche amháin agus iad go léir 'na gcodladh thosuig an coileach ag glaodhach. Léim sé anuas ar an úrlár agus(leanann ar an chéad leathanach eile)