Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 336](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0313%2FCBES_0313_336.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 336
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 336
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Áit uaigneach iseadh an tsean muileann sin thoir ar thaobh an bhóthair i nGort na hEórnan.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a sgiatháin ar leathadh. Timcheall an seomra a d'eitill sé agus é ag scartuíol. Níor bhog éinne sa tigh.
Ar maidin bhí an coileach Márta ar an úrlár agus a cheann athta. Fuair sé bás go [?] 'na dhiaidh sin. D'imthig muinntir Uí Riardáin as an áit agus níor fhill siad airís air. Ní fhaca éinne an firín ó shoin.(gan teideal)
“Fear óg stróinseártha a chuiadh ar seirbhís go háit i bhfad ó bhaile.”
Fear óg stróinseártha a chuaidh ar seirbhís go háit i bhfad ó bhaile. Fuair sé bás ann agus níorbh fhios d'éinne cárbh as dó nó cá'r cheart dóíbh é d'adhlachadh. Dhá oidhche a bhíodh an corp sa tig an uair sin. Timcheall a dóidhéag a chlog an chéad oidhche agus an seomra lán de dhaoine, d'osgladh an doras agus bhuail bean isteach. Bhí clóca fáiscigthe 'na timceall agus ní fhaca éinne a h-aghaidh. Dhruid sí suas inaice na leapthan agus thosnuig sí ag caoineadh an fhir mhairbh:-"Mo chara thú 's mo Rún
Mar níl agam bád ná long
Ná mo chapall níl i dtiúin
A bhéaradh mo dhreathár
Go teampuill Fachtna Dún." Dimthig sí an doras amach gan labhairt le h-éinne. Bhí cathú ar fear a' tighe nár cheistigh sé í, agus rinne sé suas a intinn go labharfadh sé léi dá bhfillfeadh sí an tarna oidhche. Um mheadhon oidhche airís d'fhill sí agus(leanann ar an chéad leathanach eile)