Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Amhrán Sheáinín Tobac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear dob'ea Seán Ó Donnabháin, nó Seáináín Tabac mar a tugtaí air, go raibh cómhnuidhe age i nDún Eóghain trí fhichid Blian ó shoin. Níor chuaidh sé ar scoil riamh ach bhí ruthar cainnte aige agus bhí beagán d'fhéith na filídheachta ann leis. Is i nDún Eogháin do chaith sé a shaoghal ach amháin tamaillín gur chaith sé i Meirice.
    Fear a bhí a'suirghe le drifúir Shéanín agus go rabid fuath aige dó. Tráth gur casadh air é i Meirice do chúm sé na bhéarsaí sa á cháineadh:
    Is mé 'ghabháil trí Harrison Avenue ag éileamh mo dhaoine mhuinteardha
    'Seadh chasadh orm a'spreallaire seo, agus ceann d'á shúilibh ciardubh.
    Do labhair sé go tapaidh liom, "Airiú conas tá do mhuintear?
    Tá náire teannta is feasda orm ó nach fada 'nár ghabhas tímcheall."
    Do fhreagair mé mo phreabaire "Ó ní fhacha tú leim chuimhneamh,
    Is go deimhin dá mbeadh 'back' agam do leagfainn síos le bhríc thú."
    Bhí chota mór go talamh air is carabhaitín tímcheall,
    Is 'sé mo thuairim ná raibh "tack" aige ach seana-chloigeann phíopa.
    Bhí féasóigín dubh ar sileadh leis ná'ra ghearradh leis na bliadhanta,
    Chómh mór measamhail le "general" beag do bheadh ós cionn na gceadta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí