Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuas i nDún Eóghain go dtugtar Cuas na Sloinne air. Sé an fáth go dtugadh an ainm sin air mar go bhfuil an áit go léir mór-thímceall air lán de shlinn is de leachacha. Tímcheall céad blian ó shoin nó beagán fairis do bhíodh muintear Dhún Eóghain a' baint sloinne ann ó cheann ceann na bliadhna. Do thagadh scúinéirí ó Bh'lea' Cliath agus ó Chorchaigh is do thagaidís chun ród i mbéal a'chuais san uisge doimhin.
Tharraigígheadh síad a'tslinn amach le bháid. Do thagaidís seachtain nó mar sin á'dtarrach chun go mbíodh a't-árthrach ládálta.
D'imígheadh leó annsan. Oibríghidís arís ar a'slinn agus do bheadh uallach ullamh acha i gceann cúpla mí ' nuair a thagadh an scúinéir airís. Do lean an obair sin ar siubhal insan áit seo tímcheall deich mblian is fichead. I bhfad roimis sin nuair a dheineadh na ? tímcheall an chósta seo do tharraigíghidís amach na prátaí fé mar a tarraigíghdear a'tslinn 'na dhiadh sin. Bhí ceann de's na ? seo i nDeirce agus i nDún Uí Chabhthaigh. Ar feadh roinnt mór de bhliantaibh do bhí scúinéirí a'theacht ó Bhlea' Chliath, a'seasúr na bprátaí agus do bhíodh na tíghthe seo ládáltha rómpa sa chaoi ná bhíodh aon mhoill ortha ach iad do bhreith amach le'n a mbáid chun na h-áite mar a mbíodh an scúinéir chun ród.Théigheadh fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí