School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 130
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Ta lios sa bhfeirm atá le h-ais ár bhfeirm-ne agus Lios a Chraosaigh a tugtar air.”
Tá lios sa bhfeirm atá le h-ais ár bhfeirm-ne agus Lios a Chraosaigh a tugtar air. Sin é an ainm atá ar an mbaile fearainn tímcheall air ó shoin. Deirtear go bhfeacaidh fear éigin leipreachán sa lios agus go raibh casúr aige agus é ag deisiúghadh bróg. Do labhair an fear leis ach níor thug sé aon fhreagra air. Uair éigin 'na dhiaidh sin ghlaodhaig an leipreachán go tigh an fhir sin agus d'iarr sé lasán air, agus thug sé dho é. Annsan d'fhiafruig fear an tíghe de cár b'as é agus dubhairt sé go raibh sé féin ó'n liosachán. Chuaidh sé amach an doras agus ní fheacaidh aoinne beó ná marbh san áit sin é 'na dhiaidh sin.
Tá lios eile in ár dtalamh-ne agus tá sé tímcheall míle slíghe ó Lios a' Chraosaigh. Tá bóthar idir an dá lios agus deir na sean daoine nách ceart d'aoinne cur isteach ar an mbóthar san. Tá alán saghas crann ag fás istigh sa lios. Plasóg cómh-chruinn atá ann agus tímcheall leath-acra d'fhairsinge inte. Tá claidhe árd tímcheall air agus tá crainn ag fás ar an gclaidhe sin.
Tá cloch istigh sa lios agus tá Ógham sgríobhtha ar an gcloch sin agus tagann alán daoine ann ó am go h-am ag léigheadh an sgríbhinn. Fathach d'arab ainm Craosach a mhair ann fadó de réir na sean daoine agus tá alán sgealta mar gheall ar an gCraosach gceadhna agus deirtear go bhfuil sé curtha i gCarraig a' Phúca. Deir cuid de's na sgealtha gur le linn Pádruig a bheith in Éirinn iseadh bhí Craosach ann agus go raibh gach aoinne tímcheall air scannruithe aige go dtí gur chuir Pádruig deire leis agus gur fhuasgail sé na daoine ó na dhaor-smacht.