Scoil: Gurrane (C.) (uimhir rolla 14840)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 405

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (C.)
  2. XML Leathanach 405
  3. XML “Béaloideas ar Ghobnait Naofa Bhaile Mhúirne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    soin do chaitheamh d'urchar fá dhéin an caisleáin; agus an méid de bhíodh déanta i rith na seachtmhaine leaghadh an liathróid go talamh é. B'éigean don dtíoránach imtheacht air agus an caisleán agus an áit do thréigean.
    Tháinig buidhean saighdiúirí lá go dtí an ball i n-a raibh sí agus chreachadar an áit. Bhí cuirceóg beach ag Gobnait agus leig sí na beacha amach as an gcuirceoig agus dhein saighdiuir de gach beich aca agus is ar an sluagh beach soin a bhí annsoin 'na saighdiúiríbh ba ghiorra an mhoill an chreach do theasargan.
    Bhí láir bhán ag Gobnait naomhtha. Tháinig fear lá um an láir do ghoid. 'Seadh, d'éirigh leis an láir do ghreamughadh agus siúd fá dhéin a thighe féin é ar cos i n-áirde. Do lean sé den cos a-náirde sin ar feadh na hoidhche go léir. Ar bhreacadh an lae, ámhthach, nuair a cheap sé nár bh'fhada uaidh a árus féin do cuireadh 'na luighe air ná raibh oiread agus aon coiscéim siubhal acht gurab amhlaidh a bhí sé ag marcuigheacht mórthimcheall na cille ar feadh na hoidhche.

    Bhí beirt fear i bpríosún tráth i n-iarthar Chiarraighthe. Bhí fear aca ag guidhe go duthrachtach chum Gobnatan is 'gá iarraidh uirthe é fhuascailt óna ghéibhinn
    Ag seo mar a ghuidheadh sé:
    'A Ghobnait a rúin ghil anoir ó Bhaile Mhúirne
    Tar-se chúgham-sa is dein mé d'fhuascailt."

    Agus tháinig Gobnait ar an dtaobh amuigh de dhoras an phríosúin agus ar sise "Tá Gobnait it chúram!
    Is léir go raibh ainm Ghobnatan i mbéal an sluaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Pádraig Ua Duinnín
    Inscne
    Fireann