Scoil: Gurrane (C.) (uimhir rolla 14840)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mórdtimcheall na h-Eireann annalód. Ní gábhadh dham acht tagairt don stair a léightear i n-Annála Ríoghacht na h-Éireann do chuir na hughdair léidheannta soin dá ngoirtear na Ceithre Máighistirí le chéile. San labhar soin léightear go dtug sluagh na n-Ultach turas ar Bhaile Mhúirne ar son Ghobnatan ag dul fá dhéin an t-sluaigh Spáinigh a bhí ag feitheamh leó i gCeann t-Sáile dhóibh. Le n-ár linn féin téigheann na slúaighte daoine fá dhéin teampaill Ghobnatan gach Domhnach Cingcíse agus ní hé sin amháin acht is béas ag a lán aca dul go dtí an teampullan tráthnóna roimh an nDomhnach soin agus faire oidhche do dhéanamh 'na honóir, agus má's fíor a ndeirtear, ní folamh a tagann chuid acha abhaile. Mar is minic a ghuibhid a nguidhe tré impídhe Gobnatan. Go dtí le déidheannaighe, ar aon chuma - ní fheadar an bhfuil an sgéal amhlaidh indiú - ba ghnáth Gobnait do thabhairt mar ainm baistidhe ar chailín as gach tig beagnach san cheanntar mórdtimcheall Bhaile Mhúirne. Agus is alainn an nós ainm cheanntair ar an gcuma soin agus má's rud é go bhfuil éirighthe as an nós soin anois tá súil agam go ndéanfar aithbheodhchaint air i dtráth.
- Bailitheoir
- Pádraig Ua Duinnín
- Inscne
- Fireann