Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do ghlúais sé in-aon-fheacht leo. Cúaidh sé isteach sa t-séípéal airís agus do bhí an gath gréine ann agus bhain sé a casóigín mór de airís agus do chaith sé leis an gath gréine é agus do thuit sé ar an d'talamh. Cómh lúath agus bhí an t-aifreann léighthe tháinig an sagart chuige agus dubhairt sé leis. "Cad é an sórt duine tusa? "Táinghis annseo an Domhnach seo chaithe agus do chaithis do chasóg mór leis an gath gréine agus do choimeád sé súas duit é agus do chaithis leis an gath greine indiú é agus thuit sé ar an d-talamh mar ta an peaca deanta agat ó soin." Sead annsan duit dubhairt an sagart "imthig ort. Éirig go dtí do gollaínín agus abair do phaidreacha agus ná tair annso a thuille mar do dheinis peaca ag teacht annseo.
- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann