Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 190](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_190.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 190
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(Feuch Leathch a 37)ag giod na mbó ó céile cun iad do ithe go gcaithidís na cnám isteach sa pholl san.
19) "Páircín na Cloiche Báine" sin páirc go bhfuil chloch mór bán ar bárr carraige istig innte.20) "Páirc na mBeach" Sin páírc go raibh beacha inaice carraigín atá ins an dtaobh thuaidh de'n pháirc.21) Páirc na Cabhlaighe:- Sin páirc go bhfuil sean-thig innte.22) Páirc a' Chapaill:- Sin páirc gur fuair capall lem athair bás ann agus is ann a cuireadh é.23) An Ínse Fada:- Sin páírc fhada chaol.24) Ínse na gCnapóg:- Is é an fáth a tugadh an ainm sin uirthe ná go bhfuil cúig cnapóga móra innte.25) Páírc an Tobair:- Is é an fáth a tugadh an ainm sin uirthe ná go bhfuil tobar fíor-uisce ins an pháirc.26) Páirc na Claise:- Sin páirc go bhfuil ísleán i lár na páírce27) An pháírc bheag:- Sin páirc go bhfuil an-bheag. Níl ach timceall leath-acra tailimh innte.28) An móinfheur:- Is é an fáth a tugadh an ainm sin uirthe ná go fásann feur saidhbhir ann gach bliadain.29) Páirc an Gabha:- Sé an fáth a thugadh an ainm sin uirthi mar bhí ceardcan (?) ann fadó.30) Páirc na h-Iothlann:- Páirc amháín abeadh páírc na h-Iothlann agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann