School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 236
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal a fuair Neans Ní Shúilleabháin, Baile-Uí-Bhuaig (?) ó Concubhar Ó Suilleabháin, Gort-an-Eadain. Tá sé tímcheall naocadh bliain.

    Ba dheirinnighe a bhí Cearbhaill ann ná Eóin Ruadh. Thall i gCúl an Bhuachaig a bhí sé ag (?) ag Seán Ó Mulláin. Bhí sé ag aoireacht bó do. An uair sin dá mbeadh seacht nó gcínn de bhuaibh agat do chaithfeá garsún do (?) chun bheith in dhiaidh a h-earball fá'n lae.
    Bhí bó riabhach ag Ó Mulláin agus bhí sí ag réabadh túrtóige agus an garsún á dtabhairt abhaile sa tráhnóna. D'innis sé do'n sean duine eirig deatach as an túntóig. Dubhairt Sean Duine leis an garsún tosach an bhainne a bhreith isteach chuige ach d'ól an garsún an bainne. Sin é an áit a fuair (?) sé an fios. Thug sé cuid eile dá bhainne mullain agus d'ól sé é ach d'aithin sé nárbh é bainne ceart é. "Sead a chladhaire" ar seisean "D'imsis cleas orm ach is olc a raghaidh sé dhuit. Nior fhan an garsún a thuille leis.
    Chomáin sé leis go ndeaghaidh sé isteach i dtig tabhairne. Agus púint á ól aige d'fhiafruig sé de'n mhnaoí an raibh an céard foghluimthe aici. "Níl aon céard ann" ar sise "ach dom (?) á líónadh agus airgead a thógaint." "Na bac san" ar seisean (?)
    "Tabhair gloine agus cáirt don duine atá chruaidh chroidhe
    agus go bráth ná brostaig amach an duine bhí (?) ag glaodhach is ag díol."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Neans Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Informant
    Concubhar Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    c. 90
    Address
    Gort an Éadain, Co. Cork