Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 247
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt file ann fadó agus Cearbhaill an ainm a bhí ar dhuine aca. Cuaidh Cearbhaill go dtí greasaidhe cun péire bróg a dheanamh agus bhí ana dheithneas air. An tráth ceadhna tháinig an file eile agus bhí deithneas air sin leis. Dubhairt an greasaidhe an duine aca ab fhearr a deanfadh bhearsa gur do san a dheanfadh sé íad ar dtúis. Do thosnuig Cearbhaill -
"Cuir-se mo shál san áit is ríghe de'n stúg
Agus bíodh dhá bhalta rigne léi
Bíodh do snáth go buacac buidhe le céir
Is bíodh sí [?] bláthmhar díreac caol"
Arsa an duine eile:-
"Dein mo bróga, buan, daingean datheamhail
Agus abhfad níos fearr ná bróga Cearbhaill"
Bhí an buadh aige sin.- Bailitheoir
- Lil Ní Íde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Éadain, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí