Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 250
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé ná déanfadh sé ach go nglaodhfadh sé cúiche, agus cómh maith do dhein. Bhíodh sí na suidhe in aon áit amháin fé sgeach gheal ann. Bhí sé ag glaodhac uirthe sar a tháinig sé go dtí an áit in aon chor mar d'airig na daoine é mór thimcheall na háite ach ní raibh sí ann roimhis.
Do chuir sé easgaine éigin uirthe agus d'imthig sé abhaile. Bhí morán daoine ag imirt cártaí istig roimhis. Ní raibh díreac ac an doras dúnta aige nuair a tháinig rud i bhfuirm chapaill ag rás amuigh mór-thímceall an chlóis agus fé mar airigheasa muna mbeadh na daoine istig go ragadh Donacadh amac go dtí pé rud a bhí amuigh sa chlós.
Pé rud a bhí amuigh d'fhan sí ann go dtí gur ghlaoidh an coileac ar maidin. Dubhairt na daoine ná raibh ach aon seift amháin cun í cur as an áit, sagart a tabhairt go dtí an áit.
Do cuireadh fios ar an sagart agus tháinig sé. Do bhí sé ag léightheóracht leis ar feadh abhfad agus fé dheire tháinig sí ar a aghaidh amac, agus chuir sé morán cheisteanna chuici ar gach aon olc a dhein sí nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Lil Ní Íde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Éadain, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cnoc Sathairn, Co. Chorcaí