Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 282
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do h-innseadh sa tslíghe dom gurbh aistir gabháil cughatGur tú síolrac na bfíor mbocht ba mheasa sa Mumhan"
Ó dubhairt sí "fan go lá," Caith sé de a mhala, agus do shuidh sé suas ar cheann na seitleac, agus bhí sé na shuidhe go daingean ann núair a tháinig na fir isteach. Bhí a geall buaidte aige. - Núair a gheibhead cailín áluinn óg bás fadó do sílead mór daoine gur bhiad na daoine maithe do sgiobadh leó í agus go bhfágadís seana bhean na ndíadh. Bhí fear ag dul abhaile oidhche ó bheith ag sgruidheacht agus bhuail sluagh marcac uime. Dubharadar leis teacht leó ach ní raibh aon capall aige. Do bhí páirt de céachta le h-ais na h-áite agus dubhairt duine des na marcaig "Faig an tsean bhéimh chéachta." Gan moill do deineadh capalll de, agus d'imtig sé inéinfeacht leó. Níor bféidir dos na daoine maithe aon duine fhuadach gan duine saoghalta bheith leó. Ar bhfilleadh abhaile dóibh roimh glaoidh an choillig bhíódar san áit gur bhuail an fear úmpa agus dhein an capall léim iongantac agus dubairt a fear "Mo cara do léim a sheana bhéimh chéachta agus ar an bpointe bhí sé na sheasam ar an ithir agus an tseana bhéimh le nais agus gan marcac le feiscint.
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80