Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Liosbuidhe an baile go bfuilimse um chómhnuidhe ann agus fé mar chloisim ós na seandaoine tá mórán chur síos aca i dtaobh na h-aimsire. Tá abha ag gábail cliathánach leis an mbaile seo ar a nglaodtar an Tonn. Tá easach mór árd inti, agus nuair bhíonn fearainn le teacht búirtheann an t-easach seo go h-árd agus tagann an fearainn gan teip i gcionn deich n-uaire an chluig na dhiaidh sin. Sin é an chómhartha báistidhe is fearr san áit seo. Ar an dtaob theasde abha na Tuinne tá carraigreacha loma sleamhaine, agus nuair thaithneann an ghrian ortha má bíonn siad gléineach lonmhar tá fearainn le teacht an oidhche sin nó lá na mhárach, ach sé mo thuirim féin gur b'í an ghaoth aniar andheas a thugann an báisteach léi mar ní bhíonn na carraigreacha seo lonrach ach nuair bhíonn an ghaoth sa phointe ráidte thuas.
    Seo chómhartha eile báistidhe atá annso. Nuair a bhionn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí