Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Núair a mharbhuigidí bó fadó do dheinidís coinnle den geir. Do leaghfidís (?) an geir agus do bhíodh múnla saidte i bfód móna aca agus do lionaidís an múnla den geir. Do dheinidís an buaiceas agus do chuiridís tairringe ann agus do chuiridís treasna bárr an mhúnla é agus do líonaidís an muna den geir. Núair a bhead an geir crúaid do teidis an múnla leis an teine agus do theiteadh an choinneal amach go breág. Coinnle múnla a glaócdís ar na coinnle sin agus do deintí coinnle tumtha leis, seo mar a dheinidís íad.Do dheinidí na buacaisí agus do ceangalaidís de bata íad. Annsan do chuiridís leath corcán uisce ar an teine agus do chuiridís an geir isteach ann leis. Do bheirigidís an t-uisce agus do leagheidís an geir. Do thiocfhadh an geir go barr an uisce agus do coiméadfhad an t-uisce leaghta é.Annsan do tomaidís na buaiceasí isteac ann agus do thóaidís amach íad agus do leaghaidís dóíbh crúadhachtaint. Do thomaidís isteach airís íad agus do leagaidís doíbh crúadhachthaint. Do bhídís á dhéanamh san go dtí go mbíod na coinnle deanta aca.
- Bailitheoir
- Maire Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceann Droma, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Colmáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 95