Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 350

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 350

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 350
  3. XML “Scéal - Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí sprid taobh thíar de Baile - Mhúirne uair agus do bhíodh píopa aici cómh mór le ciotal. Cailleach a' píopa a glaóidtí uirthi. Is i s'doidhche a thaisbeánadh sí í féin agus do bhíodh sí ag tathaint ar gach aoinne a ghabhadh an bóthar an píopa d'ól ach ní ólfhadh aoinne é.
    Tárla i ré chuma go raibh fear éigin agus bhí sé gan aon tobach ar feadh seachtmaine agus bhí buile tobach air. Do bhí sé ag gabhail an bóthar sin aon oidhche agus do phreab an sprid amach chuige agus do bhí sí ag tathaint air an píopa do thógaint úaithe agus do thóg. D'ól sé gal as agus do tug sé thar nais di é agus do guid sé ar son na marbh , do tug sí do airís é agus d'ól sé gal agus thug sé thar nais di é agus do guid sé ar son na marbh do tug sí do airís é agus nuair a bhí sé a thabhairt thar nais di do ghuid sé ar son na marbh an tríomhadh úair.
    "O" ar sise táimse slán anois tá m'anam thúas i bhFlaitheas Dé agus tóg-se leat an píopa agus beidh sé lán gach aon uair a raghair chuige. Ná innis pioc mar gheall ar do aoinne mar má inneóchfhair beidh sé follamh as san amach. Bhí an píopa ag an bhfear agus é lán gach aon úair a théigheadh sé chuige. Nuair a bhí sé críona d'innis sé an rún do dhuine éigin agus an céud úair eile a chuaidh sé chuige bhí sé follamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Colmáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    95
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí