Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 353
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheag, cuid aca ná raibh ionta ach aon phana amháin, cuid eile aca agus ceithre phána ionta, ach ní raibh aon chaoi íad d'oscailt mar bhíodar dainghean sa bhfalla.Bhí tighthe na bhfeirmeóirí beaga i bfad níos lugha ná na cinn so ráidhte agam. Ní raibh ionta ach dhá sheómra cistin agus seómra codalta. Nuair bhí puinn muirín i gceann aca so chaith cuid aca codhladh sa chistin agus cuirtí leabaidh i leathtaoibh i rith an lae.Bhí suidheachán mór guíse nách beag ins gach tig, agus deineadh so leabaidh do dhuine san oidhche agus suidheachan i rith an lae. Bhí bórd an bídh socair ana áiseach aca. Ní raibh fé ach dhá chois agus bhíodar so ar aon taobh amháin. Bhí tuisle ag gach cois agus bhíodar ceangailte do'n bhórd. Bhí an taobh eile ceanghailte do'n bhfhalla tuairim dhá troig go leith ó'n dtalamh. Nuair oir an bórd bídh do leagadh anuas é; dhein an greim bhí air sa bhfhalla gnó dhá dhois, agus choinnigh an dá chois eile an taobh san shuas. Nuair ná raibh aon gnó dhe cuirtí suas i gcoinnibh an fhalla é, agus ar an gcuma so ní raibh aon slíghe tógtha suas aige.
- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí