Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá morán saghas prátaí sa páróisde seo fé láthair. Seo chuid acu "An Champion, Kerrs pinc, Britis Queen Irish Queen Aran Banner, Aran Chief, Up-to-Date, Epicure. An Champion an ceann is fearr le n-ithe ach ta sé ag meal.
Deintí stailc de prátaí seachtmhó blian ó shoin sa cheanntar so. Seo mar deintí é do nightí na prátáí go glan deintí iad do grátáil le gráta. Do sgairtí an stuif trí lín éadaig i n-árthach doimhin D'fágtaí annsan é chun go mbíodh an stailch cruaidh ar tón an árthaig annsan do sgaoiltí an tuisge dhe bhú sé ullamh chun é úsáid.
Deintí arán de prátaí ar an gcuma so:- Do níghtí na prátaí deintí iad do grátáil le gráta, deintí an stuif grátála d'fuine agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc Rua, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí