Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na feircíní isteach ann i dtreó ná n-oscalócad an t-ahmad ó na céile8) Páirc an Teine Aoil - mar bhí teine aoil ann9) Páircín na Móna - mar páirc dob eadh é go raibh móin le fághail ann, agus sa bhFóghmhar bhíód an ceannabhán ag fás ann10) Páircín Íoctharac - mar bhí sé ana fada thíos ón dtig11) Páirc na Claise - mar bhí sé árd ar gach taobh, agus doimhin ar lár , agus núair a bhíod sé ag fearthainn do bhíod locán uisge ann12) Páirc na bFeócadán - mar bhí feócadáin ag fás ann13) Pairc an Cuilinn - mar bhí crainn cuilinn ag fás mó thímceall air14) Páirc na Gainmhe - mar bhí gainimh le fághail ann, gainimh garbh dob ead é ná raibh puinn maitheas ann15) Páirc an Cnuic - mar páirc ád dob eadh í16) An Seana Pháirc - mar páirc ana aosta dob eadh í, nár deineadh é treabhadh riamh, agus annso is annsúd ar fuaid na páírce bhí tuir aitinn ag fás
Bhí cúpla páirceanna eile acu leis Cairigín a' Ceana, an Pháirc Dubh, Páirc a' Táilúra, agus Páirc a' Loca Bhán Do fúaireas iad san ó'mo máthair- Bailitheoir
- Nóra Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí