Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “An Buachaill Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mícheál Chormaic do chan
    Bhí fear de mhuintir Donobháin Scaoinse ( ó Scaoinse an Éisc i Midheros ) a bhíodh a cabhrú le Domhnal Ó Conail chun saoirse do Chaitilicíbh a bhaint amach. Is do do cheap Mícheál an t-amhrán so. Deirtear liom ná raibh cathú (?) ar Mhícheál i dtaobh éinní eile dár cheap sé, ach amháin é seo, mar fuair an fear san post maith ó Riaghaltas Shasana i Somerset House, agus d'eirig se a' bheith ag fóghnamh do Ghaedhlaibh as san amach. Seámus dob ainm don Donobhánach.
    Diarmuid Ó Ciarmhacháín ó Dhoire Loga d'aithris dom é - Beannacht Dé len ' anam.

    (I)
    Siúd fáithis deánta, cúis áthair d'Éirinn
    Ag bráhair gaolmhar na saoithe ab fhearr
    Fuair órdú an méid sin tar sáíle bhraonaig
    Ó Domhnal éáchtach O Conail árd.
    Ar stáitse an phléidhte gan scáth roim éinne
    I láthair céadta do bhí na dháíl,
    Dá námhaid dob éigin le náire i gcéin nith (?)
    Tá baíre an lae seo ag an mbuachaill mbán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Ciarmhacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Loga, Co. Chorcaí