Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “An Buachaill Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (II)
    Ba líomhtha léir-ghasta cruinn ingéar-stair
    I dteangthaibh aosta ba chneasta cáil
    Béarla, Gaedhilge, Fhrainncis, Gréigis
    'S an Laidean naomhtha 'na léighthear Páis.
    Do scrúdadh se dhuit ó rúta an Béarla
    I Lúndain déanta le claon atá
    A's tar ionntaoibh éinne i gcúirt dlighe saoghaltha
    Gurab ionntaoi éifeacht an Bhuachaill Bháin

    (III)
    Do tógadh (v) é siú a's an t-ál le chéile
    I Scaoinse in aol bhrog go socair rámh
    Go fíontach, féastach, glan síodamhail séanmhar
    Uasal, Gaedhlach mear mór le rádh.
    Le feoil na méíth-mhart nár ghnáthach aosta
    Flúirse a's féile ag gach n-aon len fhagháil
    Gan canntar, daor-phuins agus brannda á thaosca
    Mar a líonfadh daor-chaise sínte ar bhán

    (IV)
    Is lúbach staonach iad ubhla ar ghéagaibh
    Is iongantaighe a gcaora a's a dtortha ag fás
    Is buan gach éan ann ar ghéágaibh caola
    Agus níl cuan in Éirinn is glaine tráig
    Tighid uaisle i gcéín ann ag spórt 's ag pléireacht
    Long ón dtréanmhuir agus iomaig bád
    Gur i Midhe-Ros aosta dhílis bhraonaig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Ciarmhacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Loga, Co. Chorcaí