Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 154
- XML “Scéilíní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(2) Briseann an Fhilidheacht amach
Bhí Eoghan Ruadh Ó Súileabháin agus file eile ag dul ar aonach Chill Orglan tráth, agus do dheineadar marga eatortha féin gan aon fhilidheacht do dhéanamh go mbainidís an t-aonach amach. An té do bhrisfeadh an marga, bheadh air, deoch do shesamh don fehar eile nuair a shroichfidís an t-aonach.Ag gabháíl a' bóthar dóibh, do chonnaic an fear eile caora isteach ( ? istig ) i bpáirc le hais an bhóthair, agus lomradh breagh olna uirthi.
"Is breagh í do lomhradh a chaora," ar sé.
Tréis tamail eile do bhuail óíg-bhean bhreagh dhathúil úmpa agus calán uisce ar a ceann aici agus a píb nochtuithe go gléineach toisc a ceann do bheith árduithe chun an calán uisce chiméad díreach.
"Is breagh í do phíb a bean," ansan fear.
Ar aghaidh leo airís agus do chonnacadar scata faoilean ar thoabh sléibhe.
"Do shíleas," arsan fear céadna, gur sa bhfaraige coitheach ( = coimhtheach) a chomhnuigdís siúd.
Do shiubhlaighdar leo, agus ba ghearr gur bhuail fear úmpa agus beart slat ar a mhuin aige.
Labhair an fear céádna airís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnal Ó Suileabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios an Lotharaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Ríogáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Lios an Lotharaigh, Co. Chorcaí