Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 511

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 511

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 511
  3. XML “Cinn Eich”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    saighead óír atá curtha in áit eigí in aice le Ceann Eich (Cianna). Sa béurla Golden Harrow a deirtear. Bhí tobar naomtha (Tá sé tionmuighthe le fada) i gcomgaracht do'n cuilteigh seo agus bhíódh "Maypole" is turas mór ar siubhal ann go dtí 80 mbliadhna nú mar sin, ó shin. Tá rian an Tobair sin fós i dtailtí tighe an mhinistir protaistiúin (?) fós. Timcheall cead slat ó thuaidh ó'n dtur fuarathas SOUTERRÁIN bliadhan ó shin. Catacomb beaga dar le duine. Biodh tugtar túr (cloigtheach) Cinn Eich ar an dtúr (?) i gCeann Eich in aon chor atá sé tógtha acht i mbaile talmhan ar a dtugtar CLAIS SLEAMHAIN ÓG (nú Slighe an Eóg). Fada riamh bhí an sean mainsitir suidhte timcheall leat mhile níos sia siar. Tá rian na mainistreach ann fós. Tá an sean fhalla a bhí mór thimcheall ar thailtí na mainistreach in a sheasamh fós go h-iomlán nách mór. Bí timcheall 12 acraí taobh istigh de'n fhalla so agus tugtar an urlóid (ubhallghoirt) ar páirc ann. Tá ciunne (?) de'n sean mainsitir in a sheasamh fós agus ar an dtaobh thuaidh fé fhothain cairrge tá ball deas go dtugtar an grianán air.
    An mhainistir a bhí ánnso (?) do dhóigh na Lochlainn í do réir deallramh agus annsoin d'attógadh í mar a bhfuil an chuilteach (túr) anois. Inaice le lathair na seana mainistreach ta cairrig ' ileáín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cinn Eich, Co. Chorcaí