Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 526

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 526

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 526
  3. XML “Scéaltaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Riabhac," ( "Crón ) Mac Carthaigh "Fainsing" etc.

    27) Tá "Carraig an Aifrinn" ag Baile Bhile Éoghain agus ceann eile i gCulabána ata 2 mhíle siar ó dheas ó Sráid bhaile Baile Chaisleáin.
    Bhí mainistir ag Ceann Eich Féuch siar -
    Bh i muilleann ar an dtaobh theas de Bhaile a' Chaisleáin i gCluain O Méara agus um 1691 do bhí gach séipéal sa ceanntar doighte agus chaith na daoine Aifreann d'éisteacht fé cheilt. Domhnach áirighthe bhí pobal mór cruinnighthe ag Muilleann an Chladaigh nuair tháinig Saighdiúirí Liaim gan coinne mór thimcheall ortha agus marbhuigheadh iad go leor nách mór. An pháirc inaice na h-áite seo tugtar paírc a mhadhma uirthe fós.

    Sgéul Eile
    Timcheall 3/4 míle níos sia o thuaidh ar an abhainn chéudhna Athán na Lúbán ag bealach an iubhair mar a bhaineann sé le Pála, Baile an Ghárda bhí muilleann eile ann agus bhí campa saighdiíúirí timceall míle taobh shiar de ar abhainn big ag pála. Tugtar "Crois a Champa" ( cabhma sa chainnt ) ar an áit seo anois " mé Cabhma (?). Chuaidh saighdiúirí go dt an muilleann so lá agus thuit an sgéul amach mar atá innste i leath 17 - 18 shiar.

    Sgéul ag baint le Baile a' Chaisleáín fein
    Ar feadh cogadh 1641 - 1651 do troideadh cath i sráidibh Bhaile a' Chaisleáin agus dóghadh an áit. Bhí daoine na h-áite ag troid igcoinnibh na nGall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ua Mathghamhna
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)