Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 527

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 527

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 527
  3. XML “Scéaltaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus chailleadhar a ngabaltaisí go tuigh mar gheall air go mór mór na taoisigh Mathghamhnaigh, Cruadlaoidhigh etc.
    In deireadh an chogaidh do deineadh Campa saighdiúirí in aice an bhaile ar an dtaobh thuaidh de agus tugtar Baile an Ghárda ar an mbaile talmhan ó shoin. Eachlaigh nú marcaigh (Marc Saighdiúirí) a b'eadh an chuid ba mhó díobh agus dheinidis sciuirdeanna cuardaigh siar fe dhéín Dhúnmá'n;bhuidhe agus o thuaidh fe dhéin Mhághcromdha agus mór timcheall mar sin. Maidean airighthe do chuaidh (?) de na marcuigh seo isteach i sráid Bhaile a' Chaisleán fé ceannus Captaoin bhí gan truagh gan taise. Stadadar ós cómhair cearchdan in a raibh fear dar b'ainm Muirighthe agus a bheirt mhac. Ghlaoidh an Captaoin ar an athair teacht amach chun crúidhthe do chur fé cheann dhá capallaibh a rádh go raibh gabha na saighdiúirí tar éis bás d'fhághail. Dhiultaig an gabha agus a bheirt mhac an obair do dhéunamh. D'iarr an Captaoin annsin ar cheann des na macaibh agus d'eitigh sé. Tharraing an Captaoin a phiostal amach agus sgaoil leis an gabha agus mhairbh sé é. Annsoin tharraing sé piostal eile agus d'aimsigh sé é ar an dtarna mac agus d'orduigh sé do crúidhthe do chur fé'n gcapall.
    D'fhéuch an fear óg ar a athair a bhí ag cromadh os cionn chorp a mhic. Annsan d'iompuig sé chun an Chaptaoin agus dubhairt sé gur déunfadh sé obair.
    Nuair bhí an obair déunta aige dúbhairt an Captaoin go gcaithfeadh sé dul in a theannta mar gabha oifigiúil agus dá n-eiteóchadh sé ba mheasa dho é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ua Mathghamhna
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)