Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)
- Suíomh:
- Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
- Múinteoir: M. Bean Uí Dhanachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athea
- XML Leathanach 332
- XML “Mar a nGairmeadh Ainmneacha ar Áiteanna san bParóiste”
- XML “Seán de Róiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Seo sgeul d'inis Máirtín Ó Súilleabháin timpall ar 1903.
Sean-maighistir i nÁtha-an-tSléibhe do bheadh é feín. Caogadh bliain ó shoin bhí sé i gceannas scoile na mbuacaillí anseo agus oide leígheanta, árd-aigeanta seímh sobhéasach é. Fear léir é. File i mbeurla é agus eólaidhe cliste.
Seán De Roíste
Is eól do gach n-aon gurbh i Clíodna Brannríoghan na Sidheóg Múineach. Inghean do'n draoi Ruadh í agus má fheadadh a hathair scamall cíor-dubh crochach tiubh do cur ar daoine agus leis sin an cath do bhriseadh ar an namhaid do bhí ar cumas a inghine iongantaisí ní ba mhó a dhéanamh. Is minic a dheanadh si giorfiadh nó coinín dí feín agus ní lugha na gur dhein dí arís a's arís ainmhidhe éigin de duine eile.Pé sgéul do bhí árd-chúirt Clíodna cúig míle ó dheas ó'n Mágh-ealla. Do bhí carraig mhór ann i lár (-) agus carraigeacha níos lugha timpall ar an bhFaithche. Bhí dhá acra de thalamh áluinn réidh ann agus bhíodh na sideóga ar rinnce ann gach oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)