School: Cromadh (B.)

Location:
Cromadh, Co. Luimnigh
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 008
  3. XML “Miscellaneous”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sub Rosa : Tá "tig mór" gairid do Chroma go dtugtar "Cherrygróbh" air. Comhnuidheann fear d'arb ainm Éamon O Síthigh ann. Fearr aonaramhail neamh-phosta go bhfuil ainm an airgid amuigh air is eadh é. Nic Fhlannchadh a b'ainm dá aintín - bean a uncail - agus Major ar arm na Sacsan a b'eadh a uncal a d'fhág Cherrygrove ag ár bhfear. Bhíodh bean an Majorsean- árd-glórach uaibhreach ag luadhadh cáil is clú a muintire fein is muintir a fhir céile. Bhí leas-driothár ag a fear agus réic ceart do b'eadh é. Lá dá raibh sé ar cuaird i dtigh an Major bhí abhean sin, mar ba ghnác lei, ag maoidheamh as mórdhacht is uaisleacht a dtáinig de Chlann Síthigh is de Chlann Flannchadha roimpí. Nuair a bhí deire leis an ngaisgidheacht aici dubhairt an cuardoir nach raibh aon amhras air i dtaoibh ársaidheacht Cloinne Ui Síthigh ach gur beag eolas a bhí aige ar an ndream eile - na h Uí Flannchadha. "Ach" arsa sé "ar chualais riamh conas a tháinig an chéad Sítheach go Conndae Luimnithe? Inneosad duit. Do chomhnuighdír Uí Sithigh i gCo. Thiobrad Árainn agus gach earrach, comh cinnte leis an ngréin, thagadh duine aca go cnoc árd in aice Feochanaigh (Co. Luimnighe) agus nuair a théidheadh sé go bárr an chnuic, bhuaileadh sé sort cluig a bhí aige. Nuair do chloisidis daoine na comhursanachta an gleo, thuigidir cad a bhí ar siubhal agus thabhraidir leo a raibh de cholachaibh oga a bhiodh aca cun an stráinséir agus caitheadh sé trí seachtmhaine nú níos mó annsan ag coilleadh na mbanbh le feirmeoirí na dtrí gconndaithe - Corcaigh, Luimneach is Tiobrad Árann - go dti gur fhan se ann ar fad sa deire nuair a phós sé inghean muc-aodhaire áirithe o Cho Luimnighe. Sin sgéal an chéad tSithigh do réir mar a chualas é" ars'an réic. Agus b'in í an chuaird deireannach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish