Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)
- Suíomh:
- Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Tomás Lotrail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(ar leanamhaint)
Fearann Ruaidhrí:Rory's land. (Farranrory) Baile Fhearainn mór é seo. Tá caisleán ann. Ba le fear darbh ainm "Fainín" é. Do mhair sé in-aimsir Cromail timcheall na bliadhna 1649.Bhí dhá chaisleán eile aige - ceann acu in-aice Baile an Gharrdha agus ceann eile i Mágh Thobair. An caisleán atá i bhFearann Ruaidhrí fotharach is eadh é anois.Sa cheanntar so freisin do throid na h-Éireannaigh Óga (Smith Ó Brian i gceannas) i gcoinnibh na bpiléirí. An tigh n-a raibh an cogadh tá sé ann fós: "The War House" tugtar air. Bí mainistir ann 'sa t-sean aimsir agus sean scoil ach níl a rian ann anois. Bhíodar in-aice an chaisleáin. Sa bhaile fearainn seo tá a lán páirceanna le h-ainmneacha Gaodhlacha mar atá:-Garrdha-n-Alltar
Clas Smután
Garrdha Céin etc.
Sceichín:Sceach Bheag - Na sceacha atá ann ní fásan ró-árd. Ní miste sceichíní ghlaodhach ortha. An cré buidhe fé ndear iad beith íseal. Tá sé le h-ais Baile an Gharrdha.
Tinnock:Tigh an Chnuic - in aice Baile an Gharrdha. Tá CNOC ann(leanann ar an chéad leathanach eile)