Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)
- Suíomh:
- Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Tomás Lotrail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Na Bruidheantóirí" (The Faction Fighters)
Carabhat agus Sean-Bheist
Tá caoga bliain ann anois ó bhí an dá dhream sin i gcoinnibh a chéile agus go nimhneach is oth liom a radh i mBaile an Gharrdha."Carabhat tugadh ar dhream acu agus "Sean-Bheist" ar an dream eile agus bhí "port" speisialta a spreagaidís nuair chasaidís ar a chéile.Bhíodh aonac i mBaile an Gharrdha an uair úd agus ní théigheadh feirmeóir ar an aonach gan bata droighin nó bunán n-a ghlaic. Bhí biotáile saor an t-am sin agus nuair bhíodh na bruidheantóirí ar meisge nó maith go leór d'éirigheadh an troid eatorra.An t-Athair Pilib Mach Gearailt an sagart paróiste bhí i mBaile an Gharrdha le na linn agus théigheadh sé ar an aonach i ndeire an lae agus thógadh sé na bataí uatha. Bhí seomra 'na thigh agus "seomra na mBunán" a tugadh air toisg an lín bataí a bhailigh sé. Sar a théigheadh sé abhaile chuireadh sé an ruaig ar na bruidheantóirí.
Seo iad cuid des na daoine a ghaibh páirt sna bruidheanta:Ó Meachair, Corcráin, Ó Brian, Cróchach, Fox. (Sionnach)Do buaileadh Seóirse Ó Meachair sa cheann le bata droighin i mbruidhean éigin agus briseadh(leanann ar an chéad leathanach eile)