Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)

Suíomh:
Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0583, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0583, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Turraichín, Goold's Cross
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Cathair Bhéal Átha Cóch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo scéal a chualadh ghá aithris ag m'athair Pilib O Cearmhaic mise Pilib óg ag tagairt de'n cathair seo.
    Talamh gléibe abeadh an talamh timcheall na Cathrach fadó agus san am go bhfuilim ag tagairt do ba ceithearnac de na Segersanaig gur leis é.
    Bhí beirt fhear ag obair aige sa pháirc i mbun na cathrac bliain an droch shaoghail. Bhí d'fiachaibh ortha iad féin a chothughadh. Ag déanamh ar aimsire dínnéir dubharoc (?) duine aca go raibh sé am aca dul fé dhéin a ndinnéir. Dubhairt an fear eile go raghadh féin ag éileamh a dhínnéir ar maighstreás (?) na Cathrach so shuas mar ná raibh a leithéid sa bhaile roimis.
    D'imthigh an chead duine abhaile. Ba ghearr go gcualadh sé an glaodhac ar a ainm. Ar iompughadh dhó fé dhéin an ghutha chonnaic se bean áluinn chalma na seasamh i ndoras na Cathrach. Tar isteach annso chun do dhinnéir o iarrais é ar sise.
    Ní raibh sé istog leis féin nuair a chonnaic agus a chualadh í acht dá aeindheoin (?) féin níor bhraith sé cá raibh sé go bhfuair sé é féin lastig de dhoras an leasa.
    Bhí an biadh ar an mbórd i seomra istig romis.
    Shuidh se shíos chuige. Agus é ag iththe chualadh sé mar a bheadh sean duine aosta ag gearrán i seomra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pilib O Ciarmhaic
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Lios, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pilib O Ciarmhaic
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Lios, Co. Chiarraí