Scoil: Aill Bhéil an Tulaigh
- Suíomh:
- Aill na Tulach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Ní Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Aill Bhéil an Tulaigh
- XML Leathanach 078
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Flíoch:- Tugtar é le n-ithe dos na cearca agus dos na muca.Cumpré:- Tá se cosamhail le meacain. Tá sé ana usáideach. Beirbhightear é ar cois a bhíonn briste nó brúighthe.Biolar:- Ithtear é agus tá leigheas ann do grís ar bith a bhíonn ar an gcroiceann má ithtear é roimh an breicfeasta ar maidin.Caisearbháin:- Tá leigheas i sugh an phlannda seo i gcóir casachtaigh. Deantar an plannda do bheirbhiú agus annsin óltar an sugh.Praiseach Buidhe:- An t-ainm a tugtar ar an bhfiadhaile buidhe a fásann i measg na mbarraí. Déanann sé a lan diobhála."Mairín Seang":- Plannda beag glas a fhásann de gnáth i measg gasanna na bprátaí. Ta an gas follamh taobh istigh agus bíonn sugh bán ann. Tagann(leanann ar an chéad leathanach eile)