Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 351
- XML “Lios”
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)351
capall ag rith go méar.Thug an fear síar -féachaint ar a chúl agus cad a chífeadh sé ach madra mór dubh ,neamh-shaogalta.
Chosruig an fear é féin agus d'imthigh an madra as a radharc.Níor fhéad an fear an capall do stad .Bhí sé ag dul chómh tapaidh sin go dtáinigh sé go dtí a thig fein .Bhí an tanam scannruithe as an bhfear bocht agus chúaidh se a chodladh.Lá ar na bárach
d'éirigh sé arís ach bhí tinneas agus lagachair agus niorbh'féidir leis fanacht in a suidhe.Cúaidh an mac amach chun an capall do leigint amach ach bhí sé fuar marbh.Fúair an fear féin bás gairid in a dhiádh sin. - 26 adh Eanair '38 An tAonach.
Is éol duinn go léir go ndíolann na feirmeóirí stoch i rith na bliana agus is cóir mar sin cruinniúde saghas éigin a bheith aca cun na beithidig a dhíola.In gach baile anois bíonn na cruinniú sin agus is ortha sin a tugtar "aontuighe".In Inisdíomain bíonn aonach ann gach mí ar a luighead agus cruinnigheann na feirmeóirí ann chun a gcuid beithidhig a dhiol .Tá páirc(leanann ar an chéad leathanach eile)