Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bailigheann brob, brob eile
Is maith an cara lá fada Samhraidh
Bíonn an ciúin cionntach
Cuir snaidhm nú caillfeadh tu dhá ghréim
Beidh lá eile ag an bpaorach
Is minic a bhain duine slat a bhuailfeadh é féin
Níl ann acht dhá mhar a cheile
Níor tháinig an t-olc riamh na aonar
Filleann feall ar an bhfeallaire
Is mall agus i díreach dioghaltas Dé
Tar éis scapadóir tagann bailigdóir
Ní comhnuightear ar an t-arán ithte.
Ní h-iad na fir móra a bhaineann an foghmhar
Is deacair ceann críona a chuir ar colann óg
Más fuar an teachtaire is fuar a freagra
Ní creidtear an fhírinne ó'n duine bréagach
An t-é a mbíonn cíonn aige ar an airgead, bíonn cionn ag an t-airgead air.
An t-é is mó a shaothruigheann airgead ní h-é is mó a mbíonn airgead aige
Fásann níos mo i ngort ná mar a cuirtear ann
Is feárr marcuidheacht ar gabhar ná cosaidheacht dá fheabhas
Ceannuigh deag rud agus beidh agat saor rud
Ceannuigh droch rud is ní bheidh agat aon rud
An té a thugann a bhfuil aige uaidh, ní thugann sé aon rud uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)