Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 448
- XML “Dóghadh Aoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-aol dhá dhóghadh. Bhí an cloch-aoil gearrtha beag go leór cun toradh maith d'fághail.An Teiníl do líonadh.
Nuair a bhí an mhóin fluairseach b'é sin an rud a bhí aca i gcómhnuidhe. Chuireadar brat móna timcheall dhá throigh go leith ar dhoimhneacht ag bun an teiníleach. Anuas ar sin chuireadar brat cloch-aoil briste timcheall naoi n-orlaigh ar dhoimhneacht. Anuas ar sin chuireadar brat móna chomh doimhin leis an gceat mbrat agus mar sin de go raibh an teiníl lán.An teiníl do lasadh.
Nuair a bhíodar ag déanamh an teiníl d'fhágadar caidhsear síos go tóin na teiníleach. Chuireadar teine isteach tríd an gcaidhséar agus tar éis deich noimeataí nó mar sin bhí deatach le feisgint ag teacht amach tré barr na teiníleach. Tar éis ceithre uaire nó mar sin bhí an mhóin go léir dóighthe agus bhí na clocha ar dhearglasadh ins an dteinílacht ní raibh acht an ceathramhadh cuid de lán annsan. Tháinigh an feirmeóir annsan agus a lucht cabhrach agus chuireadar brat móna ar na gclochaibh agus annsan brat cloc-aoil go dtí go raibh an teiníl lán arís. Bhí ortha an obair do dhéanamh go h-an-tapaidh. Do dhóghadh an cloch-aoil go h-ana tapaidh annsan. Bhí an feirmeóir ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Dáibheid
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Forghleann, Co. an Chláir