Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 452
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)luaithe a phósfaí.Dá bhfaiginnse bás amáireach fágaim le hudacht é
Im chuir isteach tig tábhairne
Ar chúinne de'n fuirme
An áit a mbeadh na cáirt 's na cnagairne a bhualadh
Is ba bhinne liom an ceol sin ná ceól binn na chuaiche
Is chúgham anall an cruisgín is bhíodh sé lan, lán, lán, lán.
Is chúgham anall an cruisgín is bhíodh sé lán.II
Tá cailín ins an áit seo is ainm dí Máire
Tá sí im aigne pósadh gan aon spré
Ór ná airgead ní iarrfainn mar spré léi
Ach uibheacha na lacann bán buidhe na gcaorach
Is chúgham anall an cruisgín is bhíodh sé lán, lán, lán, lán.
Is chúgham anall an cruisgín is bhíodh sé lánIII
Is ná bhfaigh mise bás coidhche
Is ná faighfidh mé an saoghal seo
Go bhfeichidh mé na Sasanuigh ag bailiú na deirce
Seana bhróga briste ortha
Mar a bhíodh ar Chlanna Gaodhalach,
Is chúgam anall an cruisgín is bhíodh sé lán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoine De Barra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Aodha Theas, Co. an Chláir