Scoil: Scoil na mBráthar, Inistíomáin (uimhir rolla 16678)
- Suíomh:
- Inis Díomáin, Co. an Chláir
- Múinteoir: S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Inistíomáin
- XML Leathanach 167
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)167
2. Bhí mairnéalach Sasana 'na sheasamh ar táibhle i Lios cannúr .La amháin agus bhí stoirm mór ann.Dubhairt iascairi leis imtheacht as go raibh se 'na sheasamh i mbaoghal .Níor chuir sé aon tsuim ionnta .Tháinig tonn mór isteach agus sgiob se an táible .Cúpla lá 'na dhiaidh sin fuaireadh corp an mháirnéalaigh agus é marbh.
3 Nuair a bhí na dubh crónaigh in Inis díomáin dhóghadar tig Tomás Ó Challanain ,tig Shéamus Dabídh ,tig michéal Ó Cláir,tig Ó Faoiláin ,tig Ó Conole ,an Bearric.
4.
Thainig gorta agus bhí na daoine ag fágháil báis ina mílte díobh .galar iseadh an,Flú ,Meaasles .
5. In am na dubhcrónaigh bhi dream daoine áirithe agus glaodhadh Creacadóirí ortha.Ghoideadar airgid as an banc dóibh féin.Stadadar cár na litreach agus ghoideadar litreacha as le súil go bhfaighidís airgid. - INuair a bhí na Dubh Crónaig annseó doghadh tig Uí Breanáin i Clúna. Nuair a chonnachadar na Dubh Crónaig ag teacht do ritheadar amach ar eagla go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Comhraí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Lios Rua, Co. an Chláir