Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 128](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0622%2FCBES_0622_128.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 128
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 128
- XML “Aindrias Mac Cuirtín - 1749 Fuair sé Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 128
Aindrias Mac Cuirtín ( 1749 Fuair sé Bás).File eile a bhí in a cónuigheadh sa Ceanntair so do beadh Aindria.Rugadh e ag Magh-Glas i bparóiste cill Mhuire Uí Bhrioáin .Bhi feirm talmhain aige agus beigean do cuid de do dhíol ionnas go bhfeadfadh sé leanuínt ar saothrú leighinn.Toisg a luigheadh de strus an t-saoghail a bhidob éigean do dul na muinnteóir 'na dúthaigh féin .Do thug se turas anna go minic tríd an d-tír ag cuardach sean-leabhra ach ní raibh se 'na fhear fáin mar a guigeadh do dhaoinibh airithe.Do thug sé chuid mhór dá chuid aimsire i g-cuideachta na m-Brianach i n-Inisdiomáin agus i g-cuideachta Mhic Dómnaill i gCill Caoi.Do bhí na daoine sin go maith dó agus muna mbeadh iadagus a leitheidí ní fhéadfadh sé claoidheadh le ceird filíochta.Do fuair sé bassa bhliain 1749 agus do cuireadh in uaig a mhuinntire é i G-Cill Fear Baoithe laimh leis an áit iad.(Tá an uaigh leath mhíle taobh thuaidh den scoil seo Sliabh na lice.)
Do bhí Aindrias ina ollamh oifigiúil ag na Brianaigh ,agus muna mbeadh é ní bheadh tuairisc indiu ag na Brianaigh na ag teaghlacha Thuaidh -Múmhan ar a ngeinealach.
do bhí droch -mheas ag Aindrias a cleachtuig an Dan Díreach Ar na filí nua a bhí ag eirighe chun chaile agus a bhí ag cleachtadh meadaran amhrain.Ní raibh aoinne do labhair níos seirbhe mar ar an n-dream Nua na Aindrias Féin.
"Deir dána ag Séanaimh Dána
Is dána ag gniom do ghol se
Ach an fear na déanfadh an dán díreach
Is fear Dána i n-dairíribh é"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoine Ó Conmhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Ballynew, Co. an Chláir