Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 205
Na Scoileanna ScairteSar ar cuireadh na scoileanna Naisiúnta ar bunbhí saghas scoileanna eile ann.Tugtar scoileanna fóidín nó gearr Scoileanna nó Scoileanna Scairte ortha.Bhí ceann í Baile Nua in aice le tig Máiréad Ní Cuirm,bhi ceann í "Moy"agus ceann eile í "Milford".
Tugtar na h-ainmneacha sin ortha mar is in -aice leis an díg a bhíodh an scoil ar siubhal acu,ins an Samhradh agus ins an n-Geimhreadh do geibhidís bothán nó cabán ó dhaoinnnibh uaisle an bhaile.
Do bhí Séamus Mac Cuirtín ag múineadh í Moy.File agus múinteoir maith dob eadh é ach bhí dúil mór san ól aige agus do dheibhidís lóistín agus bíodh in aisce ó na doine a bhí in- a comhnuidhe in-aice na scoile ach ortha a gceachtanna do mhúineadh dos na páistí beaga ins an tig sin.
Síad na ceachtanna a mhúinidís ins na scoileanna na léigheamh ,scríobhadh agus áireamh ar a dtugtar na trí R's.Do théigheadh an múinteóir ó pháiste go pháiste agus múinfeadh sé dóibh ins an slighe sin.Ní bhíodh aon clárdubh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhreathaile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Tailtigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tooreen, Co. an Chláir