Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 203
Cúram na gCos.
Fadó ,fadó ,ins an áit seo ní raibh sé de nós ag na daoine ins an áit seo bróga do chaitheamh nuair a bhíodar blían daoisfé amr atá an nós acu anois.Ins an tráth sin ni raibh aon pram acu fé mar atá acu anois ach do chaith na daoine isteach í casán nó i scuttle íad.Dá dheascaibh sin do bhíodar comh righinlecat agus bhíodar níos láidre ,níos slainteamhla
,agus nios misneamhhla ná na mar atá síad anois. Ni bhfaighidís slaighdeán dá mbeadh síad amuigh ó ghaodh an coilg fé bháistigh is fé sneachta ,ar an lamh eile dá dtuitfeadh braon ar bhárr na sróna ar na daoine ata indiu ann beidh an dochtúir acu an la in -a dhíaidh.
Ar an lámh eile do mhair na daoine sin go dtí go rabhadar céad bliain d'aois .Ins an tráth seo gheibheann na daoine bás í bhláth a óige.
Ní bhfaighidís peidhre bróg fadó go dtí go mbeadh síad ag dul chun pósadh .Ní chaithidís na bróga gach lá in aon cor.Nuair sa bhídís ag dul go dtí an baile Mór do thabhairfhidís na bróga in aoinfheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhreathaile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Tailtigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tooreen, Co. an Chláir