Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach

Suíomh:
Sliabh na Lice, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Ó Cionnfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Naomh Seosamh is an Mhaighdean Mhuire ar an dturus lá ag ealódh ó hErod. Thuit an oidhche orthu agus chuadar ag lorg lóisdín na hoidhche i dteach mór dathamhail at thaobh an bhóthair. D'iarr siad lóisdín na hoidhche ar bhean-a-tighe, agus thug sí cead dóibh fanamhaint go maidin. Bhíodar ina gcodladh ar sean leaba in aice an doruis nuair a tháinig fear-a-tighe isteach.
    Fear gruamdha dorcadha do bhí ann. Labhar sé go borb le bean nuair a chonnaic sé an comhluadar in a gcodhladh ar an gcúl-doras. D'fiafruigh sé dí cén fáth a thug sí loisdín do na bacaig. Bean ciúin laghach a bhí inntí agus dhein sí iarracht reidhteach a dhéanamh ar an gceist. Mar sin féin bhí sé ag clamhsán agus ag cannrán fútha go dtáinig codlata dó.
    Ar uair an mheadhon oidhche do bhuail tinneas eigin air. Tháinig pian uathbhásach ar a chlí agus cheap sí ná mhairfeadh sé go maidin. Bhí a bhean ag freastail air nuair a dhúisigh an Mhaighdean Beannuighthe ar uair an mheadhon oidhche. D'eirig an Maighdean Mhuire agus chuaid sí anonn go dtí an fear tinn. Thug sí léi píosa beag den cold ar a raibh sí ina luighe ann roimhe sin. Chimil sí an colg don ball a bhí tinn agus dhein sí comhartha na croise fá thrí ag rádh ag an am ceadhna,
    "Bean mhín agus fear borbh
    agus leanbh siorraidhe ina luighe sa colg."
    Comh luath agus dhein sí é siud tháinig feabhas ar fear-a-tighe agus roimh maidin bhí sláinte aige.
    Ó shoin amach ní chuirfeadh siad siubhlóir ar an mbóthar feasta mar thuig siad go raibh cómhacht ó Dhia ag na stroinséaraí úd. Tá an sean-nós sin in ár measg go dtí an lá indiu. Ní chuirfí aon siubhlóir ar an mbóthar san áit seo fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
          1. an Teaghlach Naofa (~429)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Edmond Connole
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tOileán Bán, Co. an Chláir