Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cread é sin?
    Macalla.
    Dá mbeadh Éire fá uisge cé an conndae bheadh sabhailte?
    Co. Corcaighe mar ni rachadh corc fá uisge.
    Lán an tseomra dhe is ní féidir lán spúnóige do thógáil amach. Cread é sin?
    An Deatach.
    Chomh árd le balla, chomh dearg le fuil, chomh bán le báinne, chomh milis le mil. Cread é sin?
    Ubhall.
    Cé mhéad earball muc a shroisfeadh an spéar?
    Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach fada.
    Cé an fáth a gcaitheann muilneóir hata ban?
    Chun a chloigeann a chlúdach.
    Cé an fáth a piocann cearc pota?
    Ní féidir leithe é do lígheachan.
    Rith mé go bhfuair mé é,
    Shuidh mé agus chuartaigh mé é,
    Dá bhfuighinn é chaithfinn uaim é,
    Ach nuair nach bhfuair mé é thugas liom é.
    Dealg
    Thógfainn in mo ghlaic é, is ní chuirfeadh an rí gad air. Cread é sin?
    Gaineamh.
    Cailín beag bán le froinín beag ruadh, dá fhaid a fhásann sí fásann sí níos lugha. Cread é sin?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Siordan
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin