Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíonn siad gar dóibh agus droch-chomhartha é má bhíonn siad i bhfad uatha.
Nuair a chloister tormán na traenach ag rith ar an dá rail i mblacklion atá deich míle ón áit seo comhartha seaca é sin.
Má bhíonn an súithche at tuitim in a chalóga anuas an simléar beidh báisteach ann agus má bhíonn an deatach a’ teacht anuas go tuigh sin comhartha báistighe.
Bíonn na daoine a’ braith ar na h-ainmidhthe chomh maith
Má bhíonn an cat in a suidhe cois na teine agus a chúl iompuidhthe in a treo deirtear go mbeidh stoirm-sneachta ann sar i bhfad.
Má bhíonn sí ag nighe a’ h-aghaidh agus má chuireann sí a chos timcheall na cluaise sin comhartha go mbeidh aimsear bhreagha ann.
Ma bhíonn sí a’ scrafáil ar a’ dtalamh le na chosa sin comhartha go mbeidh gaot árd ann.
Nuair a thagann na caoirig anuas ó na sléibhte deirtear go mbeidh stoirm ann sar i bhfad.
Má bhíonn sórt beacha ag eitilt romhat ar a mbóthar sin comhartha fearthainne.
Má bhíonn an corr ag eitilt ar bhruacha na nabhann is í a’ glaodhac amach go h-árd deirtear go mbeidh tuillte ann, agus nuair a bhíonn lá a’ báisteach go trom agus nuair a théigheann na tuillte tar na bruacha beidh atal ann.
Má bhíonn tuar-ceatha sa spéir ar maidin sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin