Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)socraid agus ag an socraid chuirfeadh na daoine hata timcheall do na daoine a bhí thart timcheall ionnus go gcuireadh sé piginn nó ann. Sin é an chaoi a mhair an sagart. Bhíodh sé i bhfolach ins na tighthe tuaithe agus ar na sléibthe agus ins na carraigreacha agus nuair a bhíodh sé a' tigheacht chun an Aifrinn a léigheamh do na daoine bhíodh air teacht síos na haibhneacha.Do léigh an sagart an tAifreann ins na tigthe nuair a bhí deis aige agus nuair a bhí sé cinnte nach raibh aon contabhairt gar dó. Ac nuair a bíodh sluaighe mór daoine ann is amuigh ar na sléibhte nó ins na carraigreacha. Cloch mór a bhí leagtha isteach ar bhinnse na carraige a bhí mar altóir.Tráth amháin bhí sagart i bfolach i Sliabh Chaileach agus bhí sé in a leabaidh. Bhí cailín ag féachaint ar eagla go mbéadh na saighduirí ag teacht. Tráthanna go leór chonnaic sí iad agus leig sí an sagart amach ar chúldoras agus chuaidh sise isteach san leabhar agus d'fhan annsin go dtí go raibh siad imthighthe. Chuaidh an sagart treasna na sléibhte agus chuaidh sé i bhfolach i gCarraig na h-Áltanna, ach fuair na saighdiúirí é is mharbhuigheadar é san sneachta.Cloch a' tSagairt.Tá cloch mhór le feicéal fós in Abinasheehan bhí an cloch sin mar altóir in aimsir na bpéin dlighthe. Tá puill ann - Dhá cheann díobh agus deireann na sean daoine gur ins na puill sin a bhíodh an tuisge is an fíon ag an sagart is an t-Aifreann.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin